Sláinte na nÉanach

D'éirigh 'n t-Iolar Mór amach a chruinniú chuid na Cásca,
Agus thug sé rabhadh don phobal iad a bheith ar a ngarda,
Nach bhfágfadh seisean cearc acu ó Dhoire go Dún Phádraig,
Le féasta a thabhairt don tseabhac is dar leoga ní le grá air.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

Ar m'éirí amach ar maidin domh is mo spats orm cóirith',
Thart i gcúl an bhaile liom is síos go claí na teoranna,
Casadh Seonaidh Dearg orm is d'iarr mé cúnamh comhairle air,
Se dúirt sé pill abhaile is ná spáráil cuid do chomharsana.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

D'éirigh 'n chearc ba sine acu amach thar chlaí an gharraí,
Is trua nár ith an sionnach mé ná Iolar Mór na Spáige,
Nuair nach raibh sin ins an ionad go bhfuighinn liberty na sráide,
Le mo ghráinnín beag a phiocadh achan áit a bhfuighinn ar lár í.

Tháinig an fhaoileán bhán thart anall as na Tuaithfinn,
Is leoga má tháinig ní minic a bhí sí gruama,
Sheinnfeadh sise 'n cuirealán chomh binn leis na cuacha,
Agus d'ólfaidh gloinne leann' ansin chomh maith le mac Uí Thuathláin.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

Tháinig an fheannóg chorrach thart le cuireadh ionsar an fhéasta,
"Go mbeannaí 'n Rí is mise daoibh", ar sise leis an éanlaith,
"Mura dtuga sibhse domhsa'n ceann ramhar den stéige,
Ó rachaidh mé go h-Iorras mar bheadh bocht a dh'iarraidh déirce ann."

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

Dá bhfeicfeá thusa an coinín agus luchóg aige i bpoll dubh,
Nead ag an dreolán i bhféasóig an ghandall,
'Chearc uisce agus an truideog ag gabháil amhráin ar thrumpaí,
An madadh rua a' seinm is an miolrán a' damhsa.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

'S a Mhanaí, Mhanaí Uí Mhaoileagáin, an ndéanfá liom cleamhnas,
Mise Seán Mac Sírín, mac Shílidín na nGamhna,
Tá ba agam is caoirigh is maoin mhaith 'un bainse,
'S mura dtuga tú do 'níon domh - mhuirfinn tú le clampa.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

Nuair a bogadh ins a' digh iad chuaigh siad ar a' random,
Spréigh siad a gcuid eiteog agus tharraing siad na nGleanntach,
Char fhág siad síothlán, píosa tin ná pandaí,
Nach dearn siad míle píosa de le dímeas na bainse.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

Is ólfaimid sláinte na n-éanach.

D'éirigh an t-Iolar Mór amach a chruinniú chuid na Cásca,
Agus thug sé rabhadh don phobal iad a bheith ar a ngarda,
Nach bhfágfadh seisean cearc acu ó Dhoire go Dún Phádraig,
Le féasta a thabhairt don tseabhac is dar leoga ní le grá air

————————————————————————————

Back to Gaelic Song Directory